66,000 vótóir nuachláraithe ag cur leis an neamhchinnteacht faoin reifreann ar phósadh comhghnéis

Cibé cé acu iad, mic léinn is daoine óga a vótálfaidh don chuid is mó ar son phósadh chomhghnéis nó roinnt de na ‘Nua Éireannaigh’ ó chúlra coiméadach ata i gcoinne phósadh chomhghnéis, thiocfadh dó go mbeadh tionchar nach beag acu ar an reifreann.

Nó léiríodh inniu go bhfuil 65,911 vótóirí nuachláraithe i dteideal vótáil Dé hAoine agus thiocfadh leo an vóta a luascadh treo amháin nó eile más fíor go bhfuil an bhearna idir an dá thaobh beag. Níl mórán ag tuar go mbeidh an bua ag lucht ‘Níl’ ach tá an líon daoine a maíonn nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu chomh ard sin is gur léisc le lucht ‘Tá’ de bheith ag déanamh talamh slán de.

Léirigh pobalbhreith an Irish Times / MRBI an tseachtain seo caite go bhfuil an tosaíocht ag lucht ‘Tá’ ag titim, ach go bhfuil siad i bhfad chun cinn go fóill. Nuair a chuirtear as an áireamh iad siúd nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu measann an pobalbhreith sin go bhfuil 70% (-4%) le vótáil ‘Tá’ agus 30% (+4%) le vótáil ‘Níl.’

Nuair a chuirtear san áireamh iad siúd atá neamhchinnte áfach is mar seo ata na figiúirí dar leis an Irish Times/MRBI –

Tá, 58% (-6), Níl 25% (+2%) agus 17% a deir nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu nó gur bhaol nach vótálfaidh siad.

Tá tuairim ann go bhfuil roinnt acu sin a fhreagraíonn pobalbhreitheanna drogallach faoi admháil go bhfuil siad chun vótáil i gcoinne leasuithe ar nós phósadh comhghnéis agus mar sin tá buairt ar roinnt de lucht ‘Tá’ go bhfuil an bhearna idir an dá thaobh ag laghdú i rith an ama.

Ach sin ráite is beag tráchtaire atá ag tuar go mbeidh an bua ag lucht ‘Níl’ sa reifeann faoi phósadh chomhghnéis Dé hAoine. Beidh cuid mhór ag brath, áfach, ar an líon daoine a vótálann. Agus gach seans go mbeidh tábhacht mhór le vóta na mac léinn. Chláraigh na mílte mac léinn anuraidh chun vótáil agus beidh le feiceáil chomh suntasach is a bhíonn vóta na mac léinn, atá ar son lucht ‘Tá’ a bhformhór.

Beidh 3,212,688 duine i dteideal vótáil.

Maidir leis an dara ceist a bheidh faoi chaibidil Dé hAoine , an moladh go mbeadh duine ar aois 21 i dteideal a bheith ina Uachtarán (ní mór d’iarrthóir a bheith 35 bliain d’aois faoi láthair) meastar de réir na bpobalbhreitheanna go bhfuil tuairim is 73% i gcoinne an mholta agus 27% ar a son.

1 Comments

Comments are closed.