Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Misneach le caint phoiblí agus agóid ar son na Gaeltachta a reáchtáil

Preas Ráiteas 5

Misneach le caint phoiblí agus agóid ar son na Gaeltachta a reáchtáil

Tá an grúpa radacach Gaeilge, Misneach, le cruinniú darbh teideal ‘Feachtasaíocht Radacach: inné agus inniu’ a reáchtáil amárach Dé Máirt an 30ú Meitheamh i gClub na Múinteoirí, Baile Átha Cliath, ag a 7 i.n.

Leis an nuacht nach bhfuil ach 10 mbliain fágtha ag an nGaeltacht, déanfar bealaí radaiciúla feachtasaíocht a chiaradh le linn an chruinnithe. Beidh triúr cainteoir ó trí ghlúin éagsúil ag roinnt a gcuid tuairimí leis an slua. Ón glúin is sinsirí beidh an t-iriseoir Eoin Ó Murchú. Ón ghlúin níos óige beidh an gníomhaí teanga ó Bhéal Feirste an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh. Agus ón nglúin is óige beidh iar-dhalta Coláiste Oirial i Muineachán, Andriú de Buitléir. Osclófar an urlár don díospóireacht i ndiaidh don triúr chainteoir labhairt ar feadh tréimhse.

An lá dár gcionn, Dé Céadaoin an 1ú Iúil, beidh agóid lasmuigh de Roinn na Gaeltachta ar an ag a 1 i.n.

Beidh Misneach ag léiriú ár míshásacht leis an ionsaí atá an stát á dhéanamh ar phobail na Gaeltachta agus an Ghaeilge. Ós rud é gur grúpa daonlathach pobalda é Misneach beidh mic oscailte ag an agóid agus ligfear do ghnáth Ghaeil a dtuairimí faoin mbealach is fearr meath na Gaeltachta a iompú siar.

Labhair urlabhraí de chuid Misneach, Kerron Ó Luain, faoi na hócáidí atá beartaithe an tseachtain seo,

‘I ndiaidh foilsiú Tuairisc Conchúr Ó Giollagáin is léir go bhfuil géarchéim ann sa Ghaeltacht. Tá an stát agus na polaiteoirí an chiúin faoi láthair. Tá sé mar aidhm ag Misneach feachtas leanúnach a cur ar bun chun an lucht na veisteannaí bána seo a náiriú mar a rinneadh cheana sna 1960idí.’

Lean Ó Luain leis

‘Nuair a bhunaíodh Misneach cúpla bliain ó shin bhí sé mar phríomhaidhm againn dul i ngleic le meath na Gaeltachta. Le trí bhliain anuas tá muid tar éis baill agus tacaíocht a thabhairt chugainn. Creidimid anois, ach go háirithe leis an nuacht le déanaí faoin nGaeltacht, go bhfuil sé in am againn feachtas radacach a lainseáil.’

Chríochnaigh Ó Luain trí shuntas a thabhairt do na héachtaí a bhaineadh amach sna 1960idí agus sna 1980idí,

‘Feictear dúinne i Misneach gur tríd na módhannaí gníomh-díreach agus an easumhlaíocht shibhialta a bhain Gaeil na buanna is mó i leith cearta teanga amach dúinn féin. I ndiaidh do Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta feachtais a cur ar bun ó 1969 ar aghaidh baineadh amach Raidió na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta amach ina dhiaidh sin. Sna 1980idí nuair a dreapadh aeróga agus diúltaíodh do cheadúnais teilifíse a íoc baineadh amach Teilifís na Gaeilge. Tá Misneach den tuairim gur ghá an spiorad feachtasíochta sin a athneartú má theastaíonn uainn ár gcearta teanga iomlána a bhaint amach agus stop a cur le meath na Gaeltachta’.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Misneach nó ar an gcruinniú poiblí nó agóid atá ag teacht aníos déan teagmháil le:

Kerron Ó Luain

 

Misneach

 

Advertisements

One comment on “Misneach le caint phoiblí agus agóid ar son na Gaeltachta a reáchtáil

  1. Tuairisceoir
    1 Jul, 2015

    Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

    Like

Comments are closed.

Information

This entry was posted on 30 Jun, 2015 by in Gaeilge and tagged .
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: