Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Lucht ‘OXI’caithréimeach, seasamh na Gréige soiléir, seasamh cheannairí Eorpacha eile doiléir is neamhchinnte

Agus toradh anois ar reifreann na Gréige – 61.31% ag lucht ‘Oxi’ (Níl) agus 38.69% ag lucht Nai, ‘Tá’ – tá rialtas na Gréige, ceannairí eile an limistéir Euro, lucht an Troika agus lucht bainc uilig ag athbheartú a seasamh i bhfianaise an toraidh agus ag déanamh réidh do mhórsheachtain chorrach eile. Beidh aird ar leith ar sheasamh na Fraince is na Gearmáine – tá cruinniú mullaigh le bheith ag Angela Merkel is Francois Hollande i bPáras maidin Luain. Tá cruinniú de bhallstáit an limistéir Euro beartaithe don Mháirt. Aird ar leith lena chois ar na margaí idirnáisiúnta, Táthar ag tuar go mbeidh titim nach beag ann ar luach an Euro agus beidh na margaí sin go mór faoi thionchar aontas, nó neamhaontas na mballstát eile sa limistéir Euro agus iad i mbun margála leis an Ghréig. Beidh aird ar leith fosta ar an sheasamh a bheidh ag Banc Ceannais na hEorpa maidir le maoiniú bancanna na Gréige. Tá lá saoire bainc sa Ghréig Dé Luain ach buairt ann nach mbeidh luathshocrú ón Bhanc Ceannais agus mar sin go mbeidh ídiú luath ann ar shocmhainni agus maoiniú cúltaca na mbancanna Gréagacha. Tá aird fosta ar an dóigh a rachaidh an toradh sa Ghréig i bhfeidm ar pháirtithe is gluaiseachtaí fud an Aontas Eorpaigh atá ag cur i gcoinne pholasaí déine. Leithéidí Podemos sa Spáinn mar shampla. Agus faoin tionchar a imreoidh seo ar fad ar phobal in Éirinn agus i dtíortha eile a bhí buailte go dona ag an Troika agus iad ag meas anois an dóigh ar oibrigh polaiteoirí áirithe chomh fonnmhar sin leis an Troika seachas fód a sheasamh faoi cheisteanna áirithe. Bhí na seachtainí atá díreach imithe dramatúil de réir aon slat tomhais a d’úsáidfeá. Ach is amhlaidh is mó drámaíochta , iontais agus eile atá geallta dúinn an tseachtain seo.

Advertisements

2 comments on “Lucht ‘OXI’caithréimeach, seasamh na Gréige soiléir, seasamh cheannairí Eorpacha eile doiléir is neamhchinnte

  1. Tuairisceoir
    6 July, 2015

    Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.

    Like

  2. coc (@uathachas)
    6 July, 2015

    N’fheadar an féidir leis an Troika glacadh anois leis an bhfíric lom nach hiad SYRIZA a ghlac na fiacha seo, nach hiad muintir na Gréige a bhaineann tairbhe as an t-airgead go léir atá á shá i gcóras bainc na Gréige agus nach féidir na fiacha a aisíoc – ar chor ar bith – fiú dá mbeadh fonn ar SYRIZA iarracht a dhéanamh?

    Like

Comments are closed.

Information

This entry was posted on 5 July, 2015 by in Cúrsaí Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: