Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Euclid Tsakalotos Aire nua Airgeadais na Gréige – ní osclóidh na bancanna Dé Máirt/Céadaoin – tuairisc

Tá comharba Yanis Varoufakis ceaptha ag rialtas na Gréige. Is é Euclid Tsakalotos, fear a aithnítear mar an duine is mó a d’fhorbair polasaithe eacnamaíochta Syriza le bliain nó dhó anuas agus fear a bhí i mbun plé ar bhonn laethúil leis na cainteanna a bhíodh ann le creidiúnaithe le tamall anuas. Bhí sé ina aoichainteoir ag Ard Fheis Shinn Féin i nDoire in earrach na bliana seo. Meastar go ndéanfar Aire dó anocht le go dtiocfadh leis dul agus a bheith páirteach i gcruinniú den Euro-Ghrúpa sa Bhruiséil amárach. Tathar ag tuairisciú inniu fosta go bhfanfaidh bancanna na Gréige druidte go dtí an Déardaoin ar a laghad. Seo bunaithe ar chaint a rinne ceannaire Cumann Bhancanna na Gréige tráthnóna seachas ar aon ráiteas ón rialtas. Meastar go bhfógróidh an tAire Airgeadais nua anocht go bhfuil an saoire banc le maireachtáil go dtí an Déardaoin seachas críochnú ar maidin amárach mar a bhí beartaithe.

Advertisements

Eolas

Foilsiú: 6 Deireadh an tSamhraidh, 2015 ag . Ranganna: Cúrsaí Reatha.
Molann %d blagálaí é seo: