Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Moladh nua ón Ghréig – ach ní go dtí amárach, Dé Céadaoine

Tuigtear nach bhfuil an Ghréig chun moladh nua i scríbhinn a chur i láthair cruinnithe an lae inniu sa Bhruiséil. Dar le tuairiscithe ó iriseoirí agus tráchtairí nach bhfuil moladh scríofa ag Alexis Tsipras ná a Aire Airgeadais nua Euclid Tsakalotos le cur i láthair na gcruinnithe d’Airí Airgeadais an Limistéir Euro ná an cruinniú de cheannairí an Limistéir Euro, an Euro-Ghrúpa. Ach de réir foinsí éagsúla bhí glacadh maith ag cruinniú na nAirí Airgeadais le cuid dá raibh le rá ag an Aire Tsakalotos tráthnóna.  In ainneoin sin tá dóchas go fóill ag na Gréagaigh go mbeidh bogadh chun cinn ag na cruinnithe inniu agus go leagfar síos bunchreathalach do phlean nua a ligfeadh don Bhanc Ceannais seasamh le maoiniú na Gréige. Is é cás na mbancanna, drochchás na mbancanna, ata ar na ceisteanna is práinní atá le socrú le go dtig leis an Ghréig dul chun cinn go fiú sa ghearrthréimhse. Dúirt Jean Claude Juncker níos luaithe inniu gur cinnte nach mbeidh comhréiteach ann inniu.

Advertisements

Eolas

Foilsiú: 7 Deireadh an tSamhraidh, 2015 ag . Ranganna: Cúrsaí Reatha.
Molann %d blagálaí é seo: