Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

‘Níl seachtainí i gceist a thuilleadh – laethanta atá i gceist anois’ Angela Merkel

Ar theacht chun na Bruiséile dóibh chuaigh Jean Claude Juncker, Alexis Tsipras, Angela Merkel agus Francois Holland isteach i seomra lena gcomhairleoirí gur phléigh siad leo féin cás na Gréige roimh chruinniú mullaigh cheannairí an limistéir Euro a bhí le tosú ar 18.00. Tugadh le fios tamall beag roimh an chruinniú gur phléigh  Barack Obama agus Alexis Tsipras, cás na Gréige ar  fón. Casadh beag eile i scéal a bhfuil fiche casadh ann.

Dar le Sainsiléir na Gearmáine go bhfuil laethanta seachas seachtainí atá i gceist anois agus iad ag iarraidh teacht ar bhealach chun tosaigh sa leamhsháinn faoi chás na Gréige. Bhí sí ag caint sa Bhruiséil tráthnóna agus í ag dul isteach i gcruinniú mullaigh cheannairí an limistéir Euro. Dar léi nach bhfuil seans ar bith ann go mbeidh críoch ar chúrsaí anocht agus thagair sí ní amháin don tábhacht a bhaineann le dlúthpháirtíocht Eorpach ach lena chois sin le freagracht ag leibhéal náisiúnta.
Mhaígh sí nach bhfuil dúshraith fós ann do mhargáil. Deir Coimisinéir na hEorpa, Pierre Moscovici, go bhfuil seans ann fós comhréiteach a bheith ann agus luaigh sé lena chois gurb í an Fhrainc, dar leis, an t-aon chara atá ag an Ghréig sna cainteanna i láthair na huaire.

Thug Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán ar an EuroGhrúpa le fios inniu i ndiaidh cruinnithe na nAirí go mbeidh siad ag reáchtáil glao comhdhála amárach chun a phlé iarratas ón Ghréig ar chabhair airgid ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Níor chuir an Ghréig moladh i scríbhinn i láthair chruinniú an lae inniu ach chuir an tAire Airgeadais na hAirí eile ar an eolas faoi sheasamh na tíre agus faoi mheon an rialtais.

Advertisements

Eolas

Foilsiú: 7 Deireadh an tSamhraidh, 2015 ag . Ranganna: Cúrsaí Reatha.
Molann %d blagálaí é seo: