Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Tacaíocht bhreise in Éirinn do bhagcat ar Eorafís 2019 i dTel Aviv

10475516_10202836130721813_2827587365274787782_n

Tá an feachtas Éireannach chun baghcat a dhéanamh ar Eorafís 2019 in Iosrael ag bailiú nirt.

Maíonn lucht baghcat gur cheart gan a bheith páirteach ann cionn is Iosrael a bheith ag marú Palaistíneach neamhúrchoideacha ar bhonn rialta agus mar gheall ar an dóigh a caitheann siad le Palaistínigh atá faoi smacht acu.

D’fhógair an Feachtas Bagchat inné go bhfuil 20 duine pearsa poiblí eile I ndiaidh tacú lena mbaghcat. Orthu sin an t-aisteoir Stephen Rea, na ceoltóirí Mary Coughlan, Luka Bloom, ceoltóirí Kila, Gráinne Holland, agus Tiona Mc Sherry, an cartúnaí Ian Knox, agus na haisteoirí Sorcha Fox agus Donal O’Kelly.

Thacaigh roinnt ceoltóirí agus roinnt láithreoirí a bhí páirteach roimhe seo san Eorafís cheana féin leis an fheachtas. Orthu sin Charlie Mc Gettigan, Mike Murphy, Carrie Crowley, agus Doireann Ní Bhriain.

Orthu sin a shínigh litir ar na mallaibh ag tacú le baghcat idirnáisiúnta ar Tel Aviv 2019 Brian Eno, Christy Moore, Mary Black, Robert Ballagh, The Knife, Wolf Alice, Ken Loach, Mike Leigh, Moddi, Alia Shawkat, Roger Waters, Alexi Sayle, Julie Christie, AL Kennedy agus Nick Seymour of Crowded House.

Deir rialtas Iosrael nach bhfuil san fheachtas seo ach iarracht eile ag grúpaí a bhfuil naimhdeach do gach rud Iosraelach cur isteach ar imeacht ceoil a thabharfaidh daoine le chéile agus atá in ainm is a bheith saor ón pholaitíocht.

 

Advertisements

Information

This entry was posted on 10 Oct, 2018 by in Cúrsaí Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: