Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Agóid faoi Hillary, agóid mhór beartaithe roimh Mark Regev ag Ollscoil na Ríona

Tá duine de na hurlabhraithe is conspóidí a bhí ag rialtas Iosrael le linn ionsaí Iosrael ar Gaza in 2014 chun caint a thabhairt agOllscoil na Ríona i mBéal Feirste ar 16 Deireadh an Fhómhair.

Ta Mark Regev chun  caint a thabhairt do chéimithe Máistreacha maidir le ‘Imeacht ó choimhlint agus Ceartas Sóisialta.’

Bhí an tUasal Regev, atá anois ina Ambasadóir ag Iosrael sa Bhreatain, bhí sé ar an urlabhraí is conspóidí a bhí ag rialtas Iosrael le linn chogadh Gaza in 2014. Rinneadh cáineadh géar air sna meáin sa Bhreatain go háirithe i ndiaidh agallamh le John Snow ar Chainéal 4 na Breataine nuair a rinne sé cosaint trean ar arm Iosrael i ndiaidh dóibh a mharú le roicéid ceathrar páiste a bhí ag imirt sacair ar thrá i nGaza.

Tá dréim le ceardchumannaigh, mic léinn agus go eile a bheith páirteach san agóid seo a bheas ann Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair 2018 @12:00 – 14:00

Inné bhí agóid ann ag Ollscoil na Ríona nuair a bronnadh dochtúireacht Oinigh ar Hillary Clinton mar aitheantas na hOllscoile ar an mhéid a rinne sí le linn phróiséis na síochána.

Chuir grúpaí frithchogaidh agus grúpaí eile 1025518_10200432269706790_531268185_oi gcoinne a cuairte agus bhailigh slua acu os comhair na hOllscoile agus í ag caint istigh ann.

Ina caint dúirt Hillary Clinton gur mheas sí ón tús gur mhórmheancóg a bhí sa Bhreatimeacht ach mhol sí do pholaiteoirí sna Sé Chontae feidhmeannas sealadach a bhunú le go dtiocfadh leo ar a laghad tionchar a imirt ar an phróiseas Breatimeachta.

Advertisements

Information

This entry was posted on 11 Oct, 2018 by in Cúrsaí Reatha, Nuacht Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: