Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

‘Taispeáin an CCTV – TCI don domhan’ Erdogan ag brú ar an Araib Shádach

Deir Uachtarán na Tuirce, Recep Tayyip Erdogan, go mba cheart don Araib Shádach taifid a rinneadh ar an chóras CCTV (Teilifís Chiorcaid Iata – TCI) i gConsalacht an Araib Shádaigh in Iostanbúl a chraoladh le cruthú don domhan nach raibh baint ag an Araib Shádach le himeacht as radharc iriseora.

Tá an t-iriseoir Jamal Khashoggi , atá le fada an lá ag cáineadh rialóirí an Araib Shádaigh, tá sé ar iarraidh  le breis agus seachtain anois agus an Tuirc ag cur in iúl gur dúnmharaíodh é i gConsalacht an Araib Shádaigh in Iostanbúl.

Séanann an Araib Shádach go láidir don líomhaoin seo agus dar leo gur imigh sé ón fhoirgneamh gan cur isteach.

Inné chuir na húdaráis sa Tuirc taifidí CCTV – TCI ar fáil do na meáin a thaispeáin an tUasal Khashoggi ag dul isteach sa Chonsalacht agus lena chois sin, thaispeáin siad rogha taifidí ag taispeáint veain dubh agus fir atá, dar leo, ceangailte le harm an Araib Shádaigh, ag teacht agus ag imeacht faoi dheifir ó Iostanbúl.

Dúirt an Uachtarán Erdogan inniu go bhfuil cuid de na háiseanna monatóireachta is sofisticiúla ar domhan ag an Araib Shádach agus gur deacair creidiúint nach bhfuil córas CCTV – TCI éifeachtach ina gConsalacht in Iostanbúl.

Tá dlúthcheangal idir an Araib Shádach agus Meiriceá, go háirithe agus Donald Trump i gceannas ar na Stáit Aontaithe. Tá an t-eachtra seo ag cothú deacrachtaí ní amháin don Araib Shádach féin ach dá dlúthchairde, Meiriceá agus an Bhreatain san áireamh.

 

 

 

 

 

Advertisements

Information

This entry was posted on 11 October, 2018 by in Cúrsaí Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: