Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

5 phointe sonrach , i mbeagán focal, ó thoghchán lár téarma Mheiriceá

1 – Go bhfuil séala Trump  curtha i gceart anois ar an Pháirtí Poblachtach. Tá lucht a cháinte, leithéidí Jeff Flake agus Bob Corker sa tSeanad, tá siadsan imithe. Agus tá roinnt de na Poblachtaigh measartha ar nós Barbara Comstock i Virgina agus Mike Coffman ó Colorado i ndiaidh cailleadh sa toghchán. Agus tuigeann an páirtí go maith anois go bhfuil díbhinn Trump ann i go leor stáit don duine a thacaíonn le Trump. Tá an GOP ina TOP anois.

2 -Go bhfuil an scoilt idir tuath agus cathair i Meiriceá chomh mór is a bhí riamh. Rinne na Daonlathaigh go maith i gcathracha agus i mbruachbhailte. Ach rinneadh treascairt orthu sna rásanna Seanad i gceantracha tuaithe. Chaill siad suíocháin in Indiana, Missouri agus Dakota Thuaidh. Tá an páirtí ag streachailt agus iad ag iarraidh vótóirí bóna ghoirm a mhealladh ar ais. Agus tá na Poblachtaigh ag streachailt chun mná, daoine óga agus daoine ó chúlra eitneach a mhealladh.

 

3 – Gur seo am crua d’iarrthóirí ‘forásacha’ Cé go raibh aird mhór ar leithéidí Beto O’Rourke i dTexas, Andrew Gillum i bhFlorida agus Richard Cordray in Ohio níor éirigh le duine ar bith acu suíochán a bhaint. Sea, bhí dúshláin mhóra rompu go háirithe sna Stáit áirithe a bhí siad san iomaíocht ann ach beidh orthu fanacht ar lá níos gile le go mbrisfeadh siad tríd. Seans go gcuirfidh an díomua seo na Daonlathaigh ó bheith ag roghnú iarrthóir ón sciathán sin den pháirtí le dul san iomaíocht le Donald Trump in 2020.

 

4 – Nach dtig le Donald Trump gan aibhéil a dhéanamh agus é ag caint. Dar leis gur ‘bua mór’ a bhí i dtoghchán an lae inné. Ach cé go ndearna sé féin is a pháirtí cúlthroid mhaith tá an Teach caillte acu agus fíorchumhacht anois ag Daonlathaigh den chéad uair le dhá bhliain anuas. Beidh siad ag baint úsáide anois ag na coistí sa Teach chun iniúchadh a dhéanamh ar thuairisceáin cánach Trump, chun maoiniú a stopadh do rudaí nach n-aontaíonn siad leo – An Balla! san áireamh – agus chun a dtallann is fearr a fhorbairt do na comórtais polaitiúla atá amach romhainn. Tá ardú misnigh do na Daonlathaigh, rud nach raibh acu le dhá bhliain anuas.Tá siad ar ais. Amaideach a bheith ag tabhairt ‘bua mór’ air sin. Agus ó tharla an Teach faoi smacht na nDaonlathach anois thig le Donald Trump dearmad a dhéanamh ar an dóchas sin a bhí aige gurbh fhéidir ag pointe éigin fiosrúchán Robert Muller a dhruidim síos.

 

5 – Gur feachtasóir iontach maith é Donald Trump. Coinníonn sé na meáin dírithe air agus ar a deir sé. Tá brí agus fuinneamh ann agus tá beocht is spraoi sna slógaí a reáchtálann sé. Is breá leis na slogaí is na comhdhálacha agus a macasamhail, áit a dtig leis a chás a dhéanamh go callánach, go glórach, gan cur isteach ó dhuine ar bith agus os comhair dream a adhraíonn é. Rinne iarrthóirí a thacaigh sé leo go maith don chuid is mó. Agus is léir go bhfuil tionchar nach beag aige go fóill ar vótóirí sna stáit ‘idir eatarthu’ ar nós Florida is Ohio is Iowa, stáit a bheidh iontach tábhachtach sa toghchán Uachtaránachta in 2020.

Sin ráite rinne na Poblachtaigh cúlthroid mhaith an iarraidh seo go háirithe cionn is gur seo am iontach ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de, rud a chuidigh go mór leo. An mbeidh an gheilleagar chomh follán céanna in 2020?

Ní maith le go leor daoine Trump ach is amaideach an máise d’éinne anois a bheith ag déanamh a bheag de mar fheachtasóir agus mar pholaiteoir chliste. Ar shlí amháin nó eile tá sé ag athchruthú na polaitíochta i Meiriceá.

Advertisements

Information

This entry was posted on 7 Nov, 2018 by in Cúrsaí Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: