Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

‘An mórchostas a bhaineann le neamhaontú na hÉireann’ – tuarascáil nua eacmaíochta seolta i mBéal Feirste

Deir eacnamaí de chuid na Gearmáine gurb é Éire Aontaithe an t-aon slí chun na iarmharta diúltacha a eascóidh as an Bhreatimeacht a sheachaint.

‘Na costais a bhaineann le neamhAontas – an Bhreatimeacht agus Aontas na hÉireann’ teideal na tuarascála a seoladh ag ócáid in Ostán an Europa i mBéal Feirste inniu.

Tá Kurt Hubner, eacnamaí ón Ghearmáin, duine d’údair na tuarascála nua, fear a chéad dhréachtaigh tuarascáil faoi na costais a bhainfeadh le athaontú na tíre in 2015.

Is uasdatú cuimsiteach ar an tuarascáil sin an nua-thuarascáil seo agus impleachtaí an Bhreatimeachta ag croí na tuarascála nua.

Is iad an comhlacht Ceanadach KLC Consultants a rinne an tuarascáil a dhréachtú.

Bhreathnaigh sé ar thrí fhéidearthacht, go mbeadh an Bhreatimeacht chrua ann, go bhfanfadh na Sé Chontae sa mhargadh aonair agus san aontas custaim in ainneoin na Ríochta Aontaithe imeacht agus go mbeadh aontas na hÉireann ann.

Dar leis an tuarascáil gurb é an t-aon rogha acu sin a fhágfadh méadú ar GDP/OTI na Sé Chontae ná aontú na tíre, rud a chiallaódh go méadódh GDP an tuaiscirt €17.9 billiún idir 2018-2025.

Maíodh go mbeadh laghdú €10.1 billiún ó 2021 – 2025 ar OTI/GDP i gcás an Bhreatimeachta chrua.

Agus dá bhfanfadh an tuaisceart san aontas custaim/margadh aonair go mbeadh laghdú de €3.8 billiún.

‘Más fearr le polaiteoirí an Bhreatimeacht chrua, nó má tá siad sásta glacadh leis an Bhreatimeacht chrua ar chúiseanna polaitiúla ansin beidh orthu glacadh leis na costais arda diúltacha eacnamúla a théann leis sin.’

Ar na polaiteoirí a bhí i láthair ag seoladh na maidine i mBéal Feirste bhí Michelle Ní Néill, Sinn Féin agus Stephen Atkin, UUP.

I ngiolc a d’éisigh sé trathnóna cháin an tAire Dlí is Cirt Charlie Flanigan an dóigh a raibh Aontas na hÉireann agus an Bhreatimeacht á nascadh le chéile, rud nach gcuidíonn agus míchiallamar dar leis.

 

 

 

Advertisements

Information

This entry was posted on 7 Nov, 2018 by in Cúrsaí Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: