Lá eile duine eile d’fhoireann Trump ‘fired!’
Dé Céadaoine agus é i ndiaidh a bheith i mbun preasócáid teasaí fada le hiriseoirí tugadh le fios go raibh an tUachtarán Trump i ndiaidh glacadh le litir éirí as oifig ó Jeff Sessions. Brúdh amach é agus ceapadh Matthew Whitaker, a bhí ina cheann foirne ag Jeff Sessions ina Ard Aighne Feidhmeannach.
Is é a bheas i gceannas ar fhiosrúchán an Comhairleoir Speisialta Robert Muller ar na líomhaintí faoi thionchar na Rúise ar thoghchán na hUachtaránachta.
Ó tharla gur nocht Matthew Whitaker tuairimí faoin chás seo is baol go mbeidh air tarraingt siar ó stiúir an fhiosrúcháin faoi mar a rinne Jeff Sessions. Ach níl sé cinnte go ndeanfaidh sé amhlaidh.