Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Beirt gafa agus an PSNI ag fiosrú eachtra ag daoine gléasta i bhfeisteas an KKK

Deir an PSNI gur ghabh siad beirt fhear ar maidin i mBaile Nua na hArda agus iad ag fiosrú eachtra a tharla ag deireadh na míosa seo caite nuair a sheas daoine gléasta i éidí an KKK taobh amuigh de lárionad Moslamach i mBaile Nua na hArda i gContae an Dúin agus gur tógadh grianghrafanna díobh.

Ghabh na péas an bheirt, fear 33 bliain d’aois agus fear 36 bliain d’aois i ruathair a rinne siad i mBaile Nua na hArda ar maidin. Ghabh siad roinnt rudaí le linn na ruathar agus tá siad seo á scrúdú.

Ligeadh saor an bheirt ar bhannaí fad is go leanann an PSNI dá bhfiosrúchán.

 

 

Advertisements

Information

This entry was posted on 8 November, 2018 by in Cúrsaí Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: