Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Iriseoirí Loch an Oileáin – ní dhearna Ombudsman na bPéas ó thuaidh aon ghearán gur goideadh doiciméid uaidh

Dúradh an t-am ar ghabh an PSNI beirt iriseoiri mí Lúnasa go raibh Barry Mc Caffrey agus Trevor Birney á ngabháil mar chuid d’fhiosrúchán ar ghadaíocht ag Oifig Ombudsman na bPéas ó thuaidh. Ach anois deirtear nach ndearna an Ombudsman aon ghearán faoi ghoid doiciméidí. Mhaígh iriseoirí agus tráchtairí eile am gabhadh na beirte go raibh siad á gceistiú mar gheall ar an eolas a chuir siad ar fáil don scannán faisnéise faoi Loch an Oileáin, No Stone Unturned, sléacht a tharla i 1994 nuair a mharaigh gunnadóirí UVF seisear Caitliceach agus iad ag breathnú ar fhoireann na hÉireann ag sárú ar an Iodáil. Bhí líomhaintí ann sa scannán agus go fairsing sna meáin, go raibh brathadóir nó brathdóirí de chuid an RUC i mbun na sléachta sin. Ghabh an PSNI an bheirt iriseoir i mí Lúnasa agus iad ag cur in iúl gur bhain a ngabhála le fiosrú gadaíocht doiciméidí ag Oifig Ombudsman na bPéas. Ach in alt san Irish Times inniu deir an t-iriseoir Susan Mc Kay go bhfuarthas ráiteas ó Ombudsman na bPéas ó thuaidh, an Dr Michael Maguire, ag cur in iúl nach ndearna siad aon ghearán faoi ghoid doiciméidí  óna n-oifig. Lena chois deir sé nár cuireadh in iúl dó ag an aon phointe dóibh gur tógadh ábhar a úsáideadh sa scannán amach as oifig s’acu agus go bhfuil an leagan amach ar an doiciméid a fheictear sa scannán éagsúl ar an leagan amach a bheadh in úsáid acu féin.

Advertisements

Information

This entry was posted on 8 Nov, 2018 by in Cúrsaí Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: