Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Mícheál Ó Súilleabháin i ndiaidh a bháis

Tá an ceoltóir is an cumadóir ceoil aitheanta Mícheál Ó Súilleabháin i ndiaidh a bháis in aois 67 bliain. Duine de mhic léinn Sheáin Uí Riada bhí a lorg le sonrú i saothar Uí Shúilleabháin.

Bhí aird agus iomrá feadh cuid mhór dá shaol ar an dóigh a ndearna sé cleamhnas tarraingteach is ceannródaitheach idir ceol dúchais na hÉireann agus an ceol claisiceach. Ba mhór le go leor fosta an stíl ar leith a chleachtaigh sé agus  é ag seinm ar an phianó.

Bhí iomrá fosta ar an obair a rinne sé i gcomhar le Ceolfhoireann Shiansach RTÉ.

Ba as Cluain Meala i gContae Thiobraid Arann do Mhícheál Ó Súilleabháin agus tháinig se faoi thionchar Sheáin Uí Riada le linn dó a bheith ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh.

Rinne sé a PhD ag Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.

Ar ball bhunaigh Mícheál Ó Súilleabháin Acadamh Domhanda an Cheoil is an Rince ag Ollscoil Luimnigh agus bhí sé ina Ollamh Emeritus ag Ollscoil Luimnigh.

Bhí sé i ndiaidh a bheith tinn le tamall anuas.

 

Advertisements

Information

This entry was posted on 8 Nov, 2018 by in Cúrsaí Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: