Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Iarcheannaire an SDLP, Margaret Ritchie, ar son comhaontú le Fianna Fáil

10 mbliain ó shin d’fhógair sí go cathréimeach nach le linn a sealsa go mbeadh comhaontú d’aon sort idir an SDLP agus Fianna Fáil. Anois deir iarcheannaire an SDLP Margaret Ritchie go bhfuil sí I bhfách le comhaontú idir an dá pháirtí. Dar léi go rachadh a leithéid de chomhaontú, a fhógrófar plean céimithe lena bhaint amach gan mhoill meastar, dar léi go mbeadh comhaontú go mór ar leas an phobail sna Sé Chontae. Deir sí go bhfuil na coinníollacha atá anois ann éagsúl ó na coinníollacha a bhíodh ann 10 mbliain ó shin cionn is go bhfuil an Bhreatimeacht I ndiaidh rudaí a athrú go mór agus cionn is nach bhfuil institiúidí ag feidhmiú ag Stormont. In ainneoin a ndeir sí tuigtear go bhfuil scair nach beag den SDLP míshuaimhneach faoin bogadh seo I dtreo comhaontú le Fianna Fáil. Ach tá siad ag fanacht ina dtost go dtí go mbeadh sonraí an chomhaontaithe á fhógairt, rud a tharlóidh go luath meastar.

Advertisements

Information

This entry was posted on 11 Jan, 2019 by in Cúrsaí Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: