Saol Corrach

Blag – eolas is tuairimíocht faoi chúrsaí reatha

Lásadh Halla Cathrach Bhéal Feirste don Dream Dearg á cáineadh go gear ag DUP/UUP

Tá an dá pháirtí Aontachtach ó thuaidh I ndiaidh a cháineadh go géar lásadh Halla Cathrach Bhéal Feirste faoi dhath dearg an deireadh seachtaine seo mar chuimhne ar fheachtas an Dream Dearg ar son Achta Gaeilge.

Cuirfear an dath dearg in airde ag 4.30in Dé Sathairn, 12 Eanáir agus beidh léirsiú ag an Dream Dearg taobh amuigh den fhoirgneamh agus na soilsí á lásadh.

Deir Lee Reynolds, comhairleoir de chuid an DUP, ‘Chuir muid ina choinne seo nuair a pléadh é ag coiste de chuid na comhairle, chuir muid ina choinne nuair a phléigh an chomhairle ina iomlán é, vótáil muid ina choinne nuair a bhí vóta ann. Tá pacáiste comhaontaithe ann maidir le lásadh Halla na Cathrach agus téann seo thairis sin, tá sé seo násctha le feachtas pholaitiúil reatha.’

Arsa Jim Rodgers ón UUP, ‘Tá imní orm nó tá a bharraíocht á dhéanamh den Ghaeilge agus is sin is cúis leis an Tionól gan a bheith ag feidhmiú. Déanaim mo sheacht ndícheall le hamharc i ndiaidh leas an uile dhuine…..ach tchítear dom go mbíonn Sinn Féin ag gríosú faoin cheist am ar bith a bhíonn faill acu. Tchím é I rith an ama ag Comhairle Chathrach Bhéal Feirste. Má tá daoine chun gríosú os mo chomhair amach caithfidh mé seasamh a thógáil. Ní bhrúfaidh siad amach as Comhairle na Cathrach mé.’

Dúirt comhairleoir le Sinn Féin, Órla Nic Biorna, go bhfuiltear ag séanadh a gcearta ar phobal na Gaeilge dhá bhliain ar aghaidh ón am nuair a chuir Aire de chuid an DUP stop leis an scéim Líofa agus gur maith an rud go bhfuil an Halla Cathrach le dul dearg Dé Sathairn.

Dar léi nach bagairt d’éinne é Acht Gaeilge agus gur cheart do gach duine a thacaíonn le cearta teacht amach don ócáid a bheas ag an Dream Dearg ag Halla na Cathrach ar 4.30in Dé Sathairn.

Advertisements

Information

This entry was posted on 11 Jan, 2019 by in Cúrsaí Reatha.
Saol corrach

Cúrsaí reatha

%d bloggers like this: