Dreim leis go dtógfaidh sé roinnt blianta sula gcuirfí an tSaighdiúir F sa chró cúirte as eachtraí Dhomhnach na Fola

Meastar go mbeidh sraith de dhúshláin cúirte ag dlíodóirí leis an Saighdiúir F maidir leis na cúiseanna atá Stiúrthóir na nIonchúiseanna Poiblí sa tuaisceart le cur air. Measann saineolaí go dtiocfadh le dhá nó trí bliana a bheith I gceist le dúshláin cúirte sula dtosófaí ar thriail maidir le dúnmharú James Wray agus William Mc Kinney.  Beidh ceisteanna éagsúla le reiteach maidir le cé acu ar ghá ainm an tsaighdiúra a chur I láthair an phobail, faoi cé acu ar cheart go mbeadh giúire ann agus é faoi thriail, agus faoi ghnéithe eile den chás. Agus is dócha go mbeidh dlíodóirí le gaolta iad siúd a maraíodh ar Dhomhnach na Fola ag iarraidh tuilleadh argóintí agus eolais a chur I láthair Stiúrthóir na nIonchúiseanna Poiblí maidir lena chinneadh gan ach saighdiúir amháin a chúisiú as eachtraí Dhomhnach na Fola. Agus tá caint ann faoi athbheithniú dlíthiúil a bheith á lorg sa chás is nach mbíonn toradh air sin.

Advertisements