Thuas seal, thíos seal ag gach taobh i gcogadh na Siria

Mar aisfhreagra ar thuairiscithe san Iarthar go bhfuil ceannaire an Stáit Ioslamaigh, Abu Bakr al-Baghdadi, gortaithe go dona nó marbh d’éisigh an grúpa teachtaireacht uaidh ar líne inné. Taifead fuaime atá ann seachas físeán agus i measc nithe eile tagraíonn sé d’aerionsaithe an Araib Shádaigh san Éimín, rud a chiallaíonn go ndearnadh an taifead ar na mallaibh. Dar leo sin a d’éist go cúramach leis an taifead gur glór al-Baghdadi atá ann agus go bhfuil an glór líofa agus réidh, seachas fuaimniú mar a bheadh duine breoite ag caint. In ainneoin sin measann fórsaí an Iarthair go bhfuil sé gortaithe agus gur lú a ról anois san eagras ná mar a bhíodh.

Tá an Stát Ioslamach i rith an ama ag díriú a n-aird a bhfuinneamh is a n-áiseanna cuid mhór ar an Siria agus ar an Iaráic. In Siria tá siad ag druidim ar Palmyra, ceann de na suíomhanna UNESCO is mó clú sa Mheán Oirthear a bhfuil saibhreas ailtireachta is seandálaíochta ó ré na Rómhánach agus roimhe ann. Scrios an Stát Ioslamach suíomhanna den tsórt san Iaráic roimhe seo, Nimrud, Hatra agus iarsmalann Mhosul san áireamh. Dé Céadaoine ghabh trodairí an SI codanna de bhaile Tadmur agus dar leis an ghrúpa monatóireachta, Syrian Observatory, gur mharaigh siad fiche sé duine. Baineadh an chloigeann de 10 duine acu. Tá thuas seal thíos seal ag gach taobh sa chuid seo den Siria ach measann saighdiúirí rialtais go dtig leo an SI a stopadh sula mbaineann siad Palmyra amach. Tá siad i ndiaidh iarraidh ar an phobal idirnáisiúnta cuidiú leo. Tá seans ann go mbeadh Meiriceá sásta aerionsaithe a ordú ar trodairí SI in aice le Tadmur ach tá oiread deistíne san Iarthar faoi ainghníomhartha Bashar al Assad is a saighdiúirí is go bhfuil drogall ar Mheiriceá nó rialtais eile san Iarthar cuma a chur air go bhfuil siad ag cuidiú leis. Go fiú go indíreach.

I rith an ama tá saighdiúirí is trodairí Assad ag cúlú i dtuaisceart agus in oirthear na Siria. Ach tá siad ag dul chun tosaigh in iarthar na tíre, áit a bhfuil Hezbollah i ndiaidh trodairí sa bhreis a chur chuig na sléibhte Qalamoun. Tá cuid de na sléibhte in Siria, cuid sa Liobáin agus tá Hezbollah buartha go mba bunáit iad agh trodairí Al Qaeda, SI nó eile a bheith ag ionsaí Hezbollah sa Liobáin féin. Bhí diantrodaíocht ann le cúpla lá anuas agus trí ghunnaí troma a úsáid dhíbir Hezbollah bunús na naimhde s’acu as na sléibhte. Trodairí den Fronta Al Nusra a mbunús, trodairí atá ceangailte le Al Qaeda. Ach cé go bhfuil ruaig curtha orthu faoi láthair is thuas seal thíos seal a bhíonn an chogaíocht fud na Siria agus beidh le feiceáil cén treo a théann cúrsaí sna seachtainí amach romhainn in Qalamoun agus fud na tíre.

1 Comments

Comments are closed.