An bua ag lucht OGI – tuar 6 stáisiún teilifíse sa Ghréig agus comháireamh sa tsiúil

De réir na gcéad torthaí ar an chomháireamh i reifreann na Gréige tá na stáisiúin teilifíse sa Ghréig féin ag tuar go mbeidh an bua ag lucht ‘Níl’/ Ogi , is é sin acu sin a chreideann i seasamh an rialtais sa Ghréig go mba chert gan glacadh leis an tairscint a rinne an AE le déanaí ach gur cheart go mbeadh margadh níos fabharaí don Ghréig ann. Agus 11.50% de vótaí áirithe cheana féin bhí 60% i gcoinne mholadh an Aontais Eorpaigh agus 40% ar son an mholta de réir lucht comháirimh. Más fíor go mbeidh an bua ag luchg ‘OXI’ ciallaíonn sé sin go mbeidh an tAontas agus rialtas na Gréige ag dul ar ais i mbun phlé amárach Beidh Angela Merkel agus Francois Hollande ag bualadh le chéile i bPáras ar maidin agus toradh an reifrinn faoi chaibidil acu.Casadh stairiúil a bheadh ann más fíor go mbeidh an bua ag lucht ‘OXI’ agus go leor leor de neamhchinnteacht ag baint le cad é atá i ndán. Ach ba bhuille don AE má thugann pobal na Gréige droim láimhe dá moladh in ainneoin ar dúirt ceannairí an Aontais agus in ainneoinn mórmheáin na Gréige a bheith iontach láidir, gan ach dornán d’éisceachtaí a bheit ag cur i gcoinne an rialtais Tsyriza agus ar son moladh an Aontais Eorpaigh.